Clannad - An Toilean Ur

Песня "An Toilean Ur" - исполнителя Clannad из альбома Clannad - скачать в mp3 или слушать бесплатно.

Длительность: 4:11

Размер: 6.1Mb

Прослушано: 120

Жанр:Кельтская

Клип к песне An Toilean Ur




Текст песни

Rinne mé smaointiú i m’intinn
Is lean mé dó go cinnte
Go n-éalóinn ó mo mhuintir
Anonn chun 'Oileáin Úir
Tá mé ag déanamh impí
Ar an Ard-Rí 'tá 's mo chionn-sa
Mo choinneáil ó gach tubaiste
Go gcríochnóinn mo shiúl
Shiúil mé fiche míle
'S níor casadh orm Críostaí
Capall, bó nó caora ag déanamh
Inghilt ar an fhéar
Coillte dlúth' is gleanntáin
Agus búirtheach beithigh allta
Fir is mná gan tant orthu
A chasfá fá do mhéar
Tharla isteach i dteach mé
Is casadh orm daoine
D’fhiafraigh siad mo ainmse
Cén tír inar tógadh mé
Dúirt mé leo i mBéarla
Gur tógadh mé in Éirinn
Láimh le Loch Eirne
I gCoillidh Lios na Raoch
Bhí seanbhean insan chlúdaigh
Is stocaí ar a glúiní
D'éirigh sí go lúcháireach
Agus chraith sí liomsa lámh
«Sheacht mh’anam, fear mo thíre
Thar a bhfaca mé ariamh de dhaoine
Nár tógadh mise in Éirinn
I mBaile Lios Béal Áinetha»
Rinne mé smaointiú i m’intinn
Is lean mé dó go cinnte
Go bpillfinn ar ais go hÉirinn
An áit a sínfí mé faoin chlár
Mar a bhfaighfinn lucht mo chaointe
Is an t-aos óg atá lách aoibhinn
A chaithfeadh liomsa an oíche
Agus páirt mhór den lá

Показать текст

Популярные треки

Someone - Vanotek, Denitia
2 Die 4 - Tove Lo
In The Dark - Purple Disco Machine, Sophie and the Giants
#HABIBATI - Пошлая Молли, HOFMANNITA
ИСКАЛА - Земфира

Будьте первым кто оставит комментарий!